The National Talent Academy for Film & Television is now accepting applications from emerging directors and writer/directors for Scéal to Set.
Scéal to Set is an Irish Language mentoring and career development programme. The goal of Scéal to Set is to guide Irish language directors or writer/directors in developing their confidence and skills in working as Gaeilge.
Tá an tAcadamh Náisiúnta Tallainne don Tionscal Scannán agus Teilifíse anois ag glacadh le hiarratais ó stiúrthóirí agus ó scríbhneoirí/stiúrthóirí atá ag teacht chun cinn don chlár Scéal to Set.
Is clár meantóireachta agus forbartha gairme Gaeilge é Scéal to Set. Is é an sprioc atá leis an gclár ná stiúrthóirí, nó scríbhneoirí/stiúrthóirí, a bhfuil Gaeilge acu a threorú agus iad ag iarraidh a gcuid muiníne agus a gcuid scileanna i dtaobh a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge a fhorbairt.
Forbhreathnú ar an gCúrsa:
Feidhmeoidh an scríbhneoir/stiúrthóir aitheanta Dathaí Keane mar mheantóir do na rannpháirtithe roghnaithe ag meascán de sheisiúin ar líne idir an 10 - 14 Samhain agus ar an láthair ón 17 - 19 Samhain.
Roimh na seisiúin ar an láthair i nGaillimh, reáchtálfar roinnt seisiún ar líne i gcomhar le haoichainteoirí a labhróidh faoina dtaithí ar seit agus faoina gcuid oibre i dTionscal Scannán agus Teilifíse na Gaeilge. Beidh na seisiúin seo a reáchtáil as Gaeilge agus/nó go dátheangach.
Le linn an chúrsa 3 lá ar an láthair, faoi threoir an mheantóra, Dathaí Keane, oibreoidh na rannpháirtithe ar script ghearrscannáin, cuirfidh siad leis an eolas atá acu ar an gcaoi a bhfeidhmíonn seit Gaeilge agus seit dátheangach, buailfidh siad le gairmithe ceannródaíocha a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge agus oibreoidh siad le haisteoirí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Ní gá Gaeilge líofa a bheidh ag daoine chun páirt a ghlacadh sa cheardlann seo – ach ní mór dóibh muinín agus cumas réasúnta a bheith acu ó thaobh Gaeilge labhartha de. Tá spéis i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge riachtanach. Beidh na seisiúin a reáchtáil as Gaeilge agus/nó go dátheangach.
Tabhair do d'aire: Seo a leanas achoimre ar an gcúrsa agus ar an gclár. D'fhéadfaí an imlíne seo a athrú, a leasú, nó d'fhéadfaí go gcuirfí leis, de réir mholtaí an mheantóra, na rannpháirtithe roghnaithe agus NTAFT.
Nóta Beathaisnéise faoin Teagascóir:
Dathaí Keane
Is stiúrthóir agus scríbhneoir aitheanta teilifíse agus scannán é Dathaí Keane. I dtús a ghairme, d'oibrigh sé le cláir faisnéise go príomha, agus tá roinnt sraitheanna faisnéise, a bhfuil duaiseanna buaite acu, scríofa agus stiúrtha aige don teilifís in Éirinn.
In 2015, chruthaigh sé agus stiúir sé sraith dhátheangach drámaíochta faoin Iarthar Fiáin darb ainm An Klondike. Craoladh dhá shéasúr den tsraith ar TG4. Dáileadh an tsraith go hidirnáisiúnta agus tá sí ar fáil ar Netflix faoin teideal Dominion Creek. Bronnadh an gradam IFTA don Stiúrthóir Drámaíochta is Fearr ar Dhathaí ag Gradaim Teilifíse agus Scannán na hÉireann in 2017 as a chuid oibre ar an dara séasúr de An Klondike.
In 2018, chomhscríobh agus stiúir sé a chéad fhadscannán, an dráma Gaeilge Finky. Fuair an scannán tacaíocht ó scéim Cine4 agus léiríodh é den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe in 2019. Ina dhiaidh seo, stiúir sé na trí shéasúr go léir den tsraith dhrámaíochta , Smother, a raibh an-tóir uirthi, do RTÉ/BBC Studios. Ó shin i leith, tá Smother díolta ar fud an domhain. I measc na ndíolachán, díoladh é le Peacock de chuid NBC Universal sna Stáit Aontaithe, le ABC san Astráil, le CANAL+ sa Fhrainc, agus le Alibi sa Ríocht Aontaithe. In 2024, stiúir sé gach ceann de shé eipeasóid Blackshore, sraith nua dhrámaíochta coiriúlachta sé pháirt do RTÉ/BBC Studios, agus thaistil sé go dtí an Nua-Shéalainn mar phríomhstiúrthóir ar Shraith 2 de The Gone.
Le déanaí, bhí Dathaí ina stiúrthóir ar Shraith 2 de Sanctuary: A Witch's Tale, sraith dhrámaíochta osnádúrtha sé pháirt do AMC Studios/Monumental.
Cé ar féidir leo iarratas a chur isteach?
Tá an clár oscailte do Stiúrthóirí agus do Scríbhneoirí/Stiúrthóirí atá ag teacht chun cinn a bhfuil an taithí seo a leanas acu:
Ní mór do Stiúrthóirí, nó do Scríbhneoirí/Stiúrthóirí, ar a laghad dhá ghearrscannán beo-aicsin agus/nó fadscannán agus/nó sobalchlár agus/nó roinnt fógraí tráchtála ardleibhéil a bheith stiúrtha acu roimhe seo, is gá go bhfuil spéis dháiríre acu ina ngairmeacha a fhorbairt sa drámaíocht bheo-aicsin
Agus/nó go bhfuil taithí acu de bheith ag obair sa Rannóg Léiriúcháin thar iliomad tionscadal, agus go bhfuil spéis dháiríre acu ina ngairmeacha a fhorbairt mar stiúrthóirí drámaíochta beo-aicsin.
Tabhair do d'aire go bhféadfaí glacadh le hiarratais ó Stiúrthóirí a bhfuil roinnt mhaith taithí acu i réimsí eile (Cláir Faisnéise, mar shampla), sa chás go bhfuil siad ag iarraidh cur lena gcorpas oibre agus aistriú a dhéanamh isteach in earnáil na drámaíochta teilifíse.
Conas iarratas a dhéanamh:
Ní mór d'iarratasóirí iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais atá nasctha ANSEO a chomhlánú.
Iarrfar ar iarratasóirí san fhoirm iarratais seo nasc íoslódála a sholáthar chuig na hábhair seo a leanas:
- CV ina dtugtar cuntas ar thaithí ábhartha an iarratasóra sna meáin
- Ráiteas pearsanta lena mhínítear conas a thacóidh an tionscnamh seo le forbairt ghairme an iarratasóra (suas le 2 leathanach nó ráiteas ó bhéal i bhfoirm físeáin, suas le 3 nóiméad ar fhad, i mBéarla nó i nGaeilge).
- Naisc chuig saothar an iarratasóra
- Script de thionscadal ar mhaith leis an iarratasóir a fhorbairt le linn an chláir (roghnach)
Ní chuirfear iarratais neamhiomlána san áireamh.
Spriocdháta:
Is é an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ná deireadh an lae Dé Luain, an 13 Deireadh Fómhair.
Cinntigh, le do thoil, go mbeidh tú ar fáil ar na dátaí thuas sula gcuirfidh tú iarratas isteach.
An Próiseas Roghnúcháin:
Déanfaidh painéal measúnú ar na hiarratais. I measc bhaill an phainéil beidh ionadaithe ón Acadamh Náisiúnta Tallainne, agus measúnóirí seachtracha neamhspleácha.
Cuirfear na hiarratasóirí rathúla ar an eolas laistigh de choicís ó spriocdháta na n-iarratas.
Cinnfear líon na rannpháirtithe rathúla faoi réir líon agus chaighdeán na n-iarratas.
Tuilleadh Eolais:
Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig - filmandtv@nationaltalentacademies.ie
Is tionscnamh de chuid Fís Éireann é an tAcadamh Náisiúnta Tallainne don Tionscal Scannán agus Teilifíse agus tá sé á bhainistiú ag Ardán.
Course Overview:
Established writer/director Dathaí Keane will mentor the selected participants both online between November 10th - 14th and in person from November 17th – 19th.
In advance of the in-person sessions in Galway, there will be a number of online sessions with guest speakers who will discuss their experience on set and working on Irish language Film and TV. A selection of these sessions will be hosted in Irish and/or bilingually.
During the in-person 3-day course, under the guidance of mentor Dathaí Keane, participants will workshop a short film script, build on their knowledge of how an Irish language, and dual language set runs, meet leading professionals working as Gaeilge and work with fluent Irish Language actors.
Fluent Irish is not required to participate in this workshop – however a confident and proficient level of verbal Irish and an interest in Irish language and culture is essential. Sessions will be hosted in Irish and/or bilingually.
Please note: This is an outline of the course and programme. Under the guidance of the mentor, selected participants and the NTAFT, this outline is subject to change, alterations, and additions.
Who Can Apply?
Open to emerging Directors and Writer/Directors with the below experience:
Directors or Writer/Directors must have previously directed at least two live-action short films and/or a feature film and/or soap and/or several high-end commercials with a clear interest in developing a career in live-action drama.
And/or have worked in the Production Department across multiple projects with a clear interest in developing a career as a live-action drama director.
Note that applications from more experienced Directors from other fields (e.g., Documentary) who are looking to build on their body of work and move into television drama may also be considered.
How to Apply:
Applicants must apply by completing the application form linked HERE.
This application form will ask you to supply a download link to the following materials
- Media CV outlining relevant experience
- Personal statement explaining how this initiative will support your career development (up to 2 pages or a filmed statement of up to 3 minutes, in English or Irish).
- Links to previous work
- Script of a project you would like to develop during the programme (optional)
Incomplete applications will not be taken into consideration.
Deadline:
The deadline to apply is end of day Monday, 13th October .
Please make sure you are available on the above dates before applying.
Selection Process:
The applications will be assessed by a panel to include representatives of the NTA, and independent external assessors.
Selected applicants will be notified within two weeks of the applications deadline.
The number of selected participants will be tailored to the amount and quality of the applications.
Further Information:
Please address any question to - filmandtv@nationaltalentacademies.ie
The National Talent Academy Film & TV is an initiative of Screen Ireland and is managed by Ardán.
Dathaí Keane
-
Dathaí Keane
Subscribe to our newsletter
This newsletter will keep you up to date with courses, activities, programmes, events, news, and resources related to the Irish screen sector from crew, film, and television to animation and VFX.
Subscribe