Crew West | Buntús Criú Scannánaíochta & Teilifíse

Crew West | Buntús Criú Scannánaíochta & Teilifíse

Buntús Criú Scannánaíochta & Teilifíse

Dátaí an Chúrsa: 15 – 18 Eanáir, 2026
Uaireanta: 9:00r.n. – 6:00i.n. gach lá
Costas: Saor in aisce
Láthair: GTeic, Gaoth Dobhair
Teagascóirí: Juliette Bonass & Pippa Robertson
Curtha i láthair ag: Acadaimh Náisiúnta Talainne – Acadamh an Iarthair do Chriú Scannánaíochta & Teilifíse

Léargas ar an gCúrsa

Is clár oiliúna do thosaitheoirí é Buntús Criú Scannánaíochta & Teilifíse atá deartha don té ar mhaith leis dul i mbun oibre sa tionscal scannánaíochta agus teilifíse. Molann an cúrsa seo daoine ó chúlraí éagsúla agus atá faoi ghannionadaíocht iarratas a dhéanamh, le hearnáil scáileáin na hÉireann atá níos ionchuimsithí a chothú.

Le dul i mbun oibre ar sheit scannánaíochta, teastaíonn scileanna praiticiúla, muinín, agus tuiscint ar an gcaoi go n-oibríonn na rannóga éagsúla i gcomhar a chéile. Cuireann an cúrsa seo a leanas ar fáil:

  • Buntreoir shoiléir ar an gcaoi go n-oibríonn criúnna scannánaíochta agus teilifíse
  • Léargas ar na príomh-rannóga ar léiriúchán agus na rólanna atá iontu
  • Scileanna riachtanacha le thú a dhéanamh “réidh don seit”
  • Cleachtaí praiticiúla, gníomhaíochtaí i ngrúpaí, agus léargas a fháil ó oibrithe proifisiúnta a bhfuil an-taithí acu sa tionscal

Cuirfear an méid a fhoghlaimítear ar an gcúrsa i bhfeidhm le linn taithí oibre struchtúrtha íoctha.

 

Scileanna Proifisiúnta le hObair ar Seit

Tugann an chuid seo cúnamh duit na scileanna pearsanta agus comhoibrithe a theastaíonn le dul i mbun oibre go héifeachtúil i dtimpeallacht ghnóthach léiriúcháin a fhorbairt.

  • Muinín, spreagadh agus féintuiscint a chothú.
  • Obair fhoirne agus an chaoi go n-oibríonn na rannóga i gcomhar a chéile a thuiscint.
  • Cumarsáid shoiléir, éisteacht ghníomhach agus aiseolas fiúntach a thabhairt.
  • Suaimhneas a choinneáil agus aird a dhíriú i dtimpeallacht a bhfuil go leor brú ann ach atá taitneamhach chomh maith.
  • Fadhbanna a réiteach go cruthaitheach agus an intinn a dhéanamh géar.

 

An chaoi go n-oibríonn Seit Scannánaíochta

Cuireann an chuid seo struchtúr agus rithim oibre fhíorsheit scannánaíochta nó teilifíse in iúl duit, le go mbeidh a fhios agat céard atá romhat ón tús.

Foghlaimeoidh tú:

  • Rólanna lárnacha criú agus an chaoi go mbraitheann rannóga ar a chéile.
  • Nósmhaireacht raidió agus nósanna imeachta na cumarsáide soiléire.
  • Dea-iompar measúil i measc cléire agus criú.
  • Gnáth-théarmaíocht léiriúcháin agus páipéarachas riachtanach.
  • Cén chaoi script a léamh agus a bhriseadh síos (beidh cleachtadh praiticiúil ann).
  • An difear idir taifeadadh ar suíomh agus taifeadadh sa stiúideo.
  • An próiseas fostaíochta; comhaontaithe agus nósmhaireacht ar sheiteanna scannánaíochta.

 

Próifíl an Rannpháirtithe

Tá an cúrsa seo dírithe ar thosatheoirí ar mhaith leo dul i mbun oibre mar chriú ar scannánaíocht agus teilifís bheo-aicsin.

Le bheith incháilithe, ní mór d’iarrthóirí:

  • a bheith in aois fhostaíochta
  • Gan a bheith in oideachas lán-aimseartha

Le tuilleadh eolais a fháil ar rólanna ar seit, ní mór d’iarrthóirí breathnú ar an gCreat Cumais sula ndéantar iarratas.

Má táthar ag iarraidh tuiscint ar shláinte agus sábháilteacht san ionad oibre a fheabhsú, féadtar an cúrsa saor in aisce ar líne le Fís Éireann Pas Scáileáin a dhéanamh.

 

Eolas sa mBreis

  • Uasmhéid: 12 rannpháirtithe
  • Tabharfar tús áite do chainteoirí Gaeilge don leagan seo
  • Déanfar roghnúchán bunaithe ar iarratas scríofa agus agallamh trí Ghaeilge.

Tá Acadamh an Iarthair do Chriú Scannánaíochta & Teilifíse faoi bhainistiú an Acadaimh Atlantaigh.

 

Nós Imeachta Iarratais

Nós Imeachta Iarratais:

Déan iarratas leis an nasc seo faoi 5i.n. an 12 Nollaig 2025

Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig Lorraine.higgins@nationaltalentacademies.ie

Déanfar roghnúchán do na cúrsaí/cláracha bunaithe ar cháilíocht an iarratais agus taithí atá cuí don chúrsa agus do phróifíl an rannpháirtithe. Ní ghlacann muid le CVs, mar sin déan cinnte go ndéanfaidh tú forléargas ar do thaithí cuí uilig sa bhfoirm iarratais. 

Tá cúrsaí na nAcadamh Náisiúnta Talainne oscailte do chách, beag beann ar inscne, cine, creideamh, claonadh gnéis ná míchumas.

 

Próifíl na dTeagascóirí:

Juliette Bonass

Tá Juliette Bonass ag obair i dtionscal Scannánaíochta agus Teilifíse na hÉireann le 14 bliain anuas. Thosaigh sí ag obair mar léiritheoir ar go leor gearrscannán in 2009 sula ndearna sí comhléiriú ar thograí fadscannáin le comhlachtaí léirithe amhail Fastnet Films agus Element Pictures. In 2013 rinne sí comhléiriú ar Get up and Go le Brendan Grant. Ó shin rinne sí comhléiriú ar chúpla scannán le hElement Pictures, Glassland le Gerard Barrett, A Date for Mad Mary le Darren Thornton agus Rosie le Paddy Breathnach san áireamh.

 

Rinne sí léiriú go neamhspleách freisin ar thograí amhail Psychic, an chéad ghearrscannán le Brendan Gleeson mar stiúrthóir agus The Last Hotel, an chéad ghearrscannán le hEnda Walsh mar stiúrthóir do Sky Arts.

 

In 2015 ainmníodh Producer on the Move ar Juliette ag an bhFéile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Cannes agus b’ise duine de na Future Leaders le Screen Daily sa tsraith Future Leaders Producers a bhí acu.

 

Pippa Robertson

D’oibrigh Pippa Robertson sa tionscal scannánaíochta le breis is 10 mbliana, i Rannóg na Stiúrthóirí Cúnta maraon leis an Rannóg Léirithe.

In 2018, chuaigh sí isteach i gCuallacht Scáileáin na hÉireann (SGI) ar oibrigh sí ar feadh 3 bhliana ann. Le linn na tréimhse seo, forbraíodh a thuilleadh a cuid eolais ar na rólanna atá sa tionscal mar gheall go raibh sé de phribhléid aici cur leis an gCreat Cumais le SGI/Fís Éireann; cáipéis an-fhairsing a dhéanann sainmhíniú ar na tascanna lárnacha agus ar an gcumas atá ag teastáil ón gcuid is mó de na rólanna sa tionscal.

Le 7 mbliana anuas, chomh maith lena cuid oibre sa tionscal scannánaíochta agus leis an SGI, bíonn Pippa ag obair le Fís Éireann agus leis na hAcadaimh Náisiúnta Talainne ag comhordú cúrsaí, ag forbairt curaclam, agus ag feidhmiú mar oifigeach tacaíochta do Shocrúcháin Oibre, maraon le bheith ag múineadh ar Chúrsaí Criú.

Film & TV Crew Fundamentals

Course Dates: January 15th – 18th, 2026
Time: 9:00am – 6:00pm daily
Cost: Free
Venue: GTeic, Gweedore
Tutors: Juliette Bonass & Pippa Robertson
Delivered by: National Talent Academies – Film & TV Crew Academy West

Course Overview

Film & TV Crew Fundamentals is an entry-level training programme designed for people who want to begin working in the film and television industry. The course encourages applications from individuals from diverse and underrepresented backgrounds, helping to build a more inclusive Irish screen sector.

Working on a film set requires practical skills, confidence, and an understanding of how different departments collaborate. This course provides:

  • A clear introduction to how film and TV crews work
  • An overview of the main departments on a production and the roles within them
  • Essential skills to help you become “set-ready”
  • Practical exercises, group activities and insights from experienced industry professionals

Learning from the course will be put into practice during a paid structured work placement.

 

Professional Skills for Working on Set

This section helps you develop the personal and teamwork skills needed to work effectively in a busy production environment.

  • Building confidence, motivation and self-awareness
  • Understanding teamwork and how departments collaborate
  • Communicating clearly, listening actively and giving constructive feedback
  • Staying calm and focused in a high-pressure but enjoyable environment
  • Creative problem-solving and thinking on your feet
 

How a Film Set Works

This section introduces you to the structure and working rhythm of a real film or TV set, so you know what to expect on day one.

You will learn about:

  • Key crew roles and how departments depend on one another
  • Radio etiquette and clear communication protocols
  • Respectful behaviour around cast and crew
  • Common production terminology and essential paperwork
  • The difference between shooting on location and shooting in a studio
  • The hiring process; agreements, and etiquette on film sets
 

Participant Profile

This course is aimed at new entrants who want to work as crew in live-action film and TV.

To be eligible, applicants must:

  • Be of working age
  • Not be in full-time education

To learn more about roles on set, applicants should consult the Competency Framework before applying.

Those interested in improving their understanding of workplace health and safety can also complete Screen Ireland’s free online Screen Pass course.

 

Additional Information

  • Maximum: 12 participants
  • Preference will be given to Irish speakers for this iteration
  • Selection is based on a written application and an interview conducted in Irish

Film & TV Crew Academy West is managed by Atlantic Academy.

 

Application Procedure

Application Procedure:

Please apply online at this link by 5pm on 12th of December 2025

For further information, please email Lorraine.higgins@nationaltalentacademies.ie   

Selection on courses/programmes will be based on the quality of the application and experience relevant to the course and participant profile.   We do not accept CVs so please make sure you outline all relevant experience in the application form. 

National Talent Academy courses are open to all regardless of gender, race, religion, sexual orientation or disability.

 

Tutor Profile:

Juliette Bonass

 

Juliette Bonass has worked in the Irish Film and Television industry for 14 years. She started working as a producer in 2009 on many short films before going on to co-produce on feature film projects with production companies such as Fastnet Films and Element Pictures. In 2013 she co-produced Brendan Grant’s Get up and Go. From there she co-produced several films with Element Pictures including Gerard Barrett’s Glassland, Darren Thornton’s A Date for Mad Mary and Paddy Breathnach’s Rosie.

 

She also independently produced projects such as Brendan Gleeson’s directorial debut short Psychic and The Last Hotel, Enda Walsh’s directorial debut for Sky Arts.

 

In 2015 Juliette was named a Producer on the Move at the Cannes International Film Festival and was also one of Screen Daily’s Future Leaders in their Future Leaders Producers series.

 

Pippa Robertson

Pippa Robertson worked in the film industry for more than 10 years, both in the Assistant Directors and Production Departments.

In 2018 she joined Screen Guilds Ireland (SGI) where she worked for 3 years. During this time, her knowledge of the roles within the industry was further developed as she had the privilege to contribute to SGI/Screen Ireland’s Competency Framework; an extensive document which details the key tasks and competencies required for most positions within the industry.

Over the past 7 years, alongside her work in the film industry and with SGI, Pippa has worked closely with Screen Ireland and the National Talent Academies coordinating training courses, developing curriculum, acting as a support officer for Work Placements, as well as teaching on Crew Courses.